D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Dé Máirt, 18 Lúnasa 2026) na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).
Tá naoi leabhar déag (19) ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo – seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus cúig (5) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló.
Bhain 10 Teach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Dalen Éireann; Éabhlóid; Futa Fata; JM Agency Publishing & Design; LeabhairCOMHAR; Leabhar Breac; Mayo Book Press; agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Ar a bharr sin, bhain leabhar amháin atá féinfhoilsithe gearrliosta amach chomh maith. Tá liosta iomlán de na leabhair atá gearrliostaithe ar fáil thíos.
“Eiseamláir den chaighdeán is airde is ea na saothair a bhain amach Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta i mbliana “, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, “agus tréaslaím a saothar leis na foilsitheoirí atá a dtabhairt chun an mhargaidh. Is léir cúram na huibhe a bheith tugtha den uile shaothar ag gach aon chéim, ón eagarthóireacht phointeáilte, an leagan amach ealaíonta agus an cur i láthair snasta – leabhair áille Gaeilge chun léitheoirí nua a mhealladh.
Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair 2026 in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh. Gabhann duaischiste de €17,000 leis na trí ghradam. Tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
Tá liosta iomlán na leabhair ar fáil thíos agus tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil anseo.
Tuilleadh eolais:
Caitríona Ní Chonaill, An tOireachtas
T: +353 (0)87 9463405
R: caitriona@antoireachtas.ie
Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin
SCÉAL MUIRÍ MHUIGH EO le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Book Press
MAINISTIR NA FEOLA le Laoighseach Ní Choistealbha, foilsithe ag Barzaz
MAITH THÚ A MHICÍ le Micí Sheáin Néill Ó Baoill, foilsithe ag Éabhlóid
GEARÓID WILLIE Ó FÁTHARTA: MO SCÉAL FHÉIN le Gearóid Willie Ó Fátharta, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
TOM A’ BHUNGALÓ: TOMÁS MAC GIOLLA BHRÍGHDE, 1923-2013 le Noel Ó Gallchóir, féinfhoilsithe
AN CLÁIRSEOIR le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac
LEABHAR SHEÁIN NA CILLE le Seadhan Mac an tSionnaigh, foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Gradam Réics Carló
KATIE AGUS AN PACÁISTE RÚNDA le hÉadaoin Ní Dhomhnaill, foilsithe ag LeabhairCOMHAR
AN SEOL ATÁ FÚT le Annemarie Nugent, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
INIS MARA 3 le Tristan Rosenstock agus maisithe ag Mark Wickham, foilsithe ag LeabhairCOMHAR
PUISÍN NA mBRÓG le Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly, foilsithe ag Futa Fata
NA BRÓGA PEILE AGUS SCÉALTA EILE le Seosamh Céitinn, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
Gradam de Bhaldraithe
HEARTSTOPPER 3 le Alice Oseman agus aistrithe ag Eoin McEvoy, foilsithe ag Futa Fata
LÚISCÍN: AN CAITÍN IS CRAICEÁILTE AR DOMHAN le Jamie Smart agus aistrithe ag Fearghas Mac Lochlainn, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
AN SAOL SONA le David Foenkinos agus aistrithe ag Máirín Ní Mhárta, foilsithe ag Barzaz
LIA! 1: AN DIALANN RÚNDA le Julien Neel agus aistrithe ag Meadhbh Ní Eadhra, foilsithe ag Dalen Éireann
GRUAIG ÁINE le hEoin Colfer agus aistrithe ag Sadhbh Devlin, foilsithe ag Futa Fata
SCAIRT NA SAMHNA: ÁINE SA NEIDÍN le Hazel Mulqueen agus aistrithe ag Ciara Begley, foilsithe ag JM Agency, Publishing & Design
LÚCÁS LÚFAR: JESSE JAMES, ROPAIRE le Moris & Goscinny agus aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag Dalen Éireann







 (1).png)
.png)







.png)

.gif)