Scríbhneoir, File & Drámadóir
Insealbhaithe ina hUachtarán ar an Oireachtas
Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2026, Áine Ní Ghlinn, ag searmanas speisialta in Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2, inniu (Dé Máirt, 10 Feabhra 2026). Chuir an tUachtarán nua-thofa tús lena téarma oifige tráthnóna nuair a bronnadh Slabhra an Uachtaráin uirthi ag ócáid ag ar bhailigh na sluaite, ina measc: scríbhneoirí agus lucht litríochta; a clann; agus a cairde.
De bhunadh Thiobraid Árann í Áine Ní Ghlinn ach tá sí ag cur fuithi i mBaile Átha Cliath leis na blianta, áit a bhfuil sí ag gníomhú i gcónaí i saol na litríochta don léitheoir óg ach go háirithe. Tá an iliomad saothar tagtha óna peann agus aithníodh an tionachar atá aici ar litríocht do dhaoine óga nuair a ceapadh ina Laureate na nÓg í don tréimhse 2020 - 2023, an chéad uair a ceapadh údar Gaeilge sa ról sin.
“Guím gach rath agus sonas ar Áine ina bliain uachtarántachta ar an Oireachtas do 2026,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Is mór an tairbhe atá á dhéanamh ag Áine do litríocht na Gaeilge idir fhilíocht, fhicsean, neamhfhicsean agus dráma. Ar a bharr seo, tá seirbhís dhílis, dhíograiseach tugtha aici don Oireachtas thar na blianta agus is deacair luach a chur ar an tionchar atá ag Áine ar léitheoirí agus ar scríbhneoirí óga. Is onóir dúinn í a bheith ag dul i mbun oifige anois ina hUachtarán ar an Oireachtas i mbliana agus is cinnte go mbeidh sí ina hambasadóir den scoth ar son an Oireachtais i gcaitheamh na bliana amach romhainn.”
Bhain Áine céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla amach ó Choláiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath. Chaith sí seal mar mhúinteoir meánscoile sular thug sí faoi dioplóma iriseoireachta sa scoil iriseoireachta i Londain. Is ag Ollscoil Lancaster a bhain Áine a máistreacht amach sa scríbhneoireacht cruthaitheach.
D’éirigh Áine as an mhúinteoireacht le bheith ina hiriseoir ar an gclár Cúrsaí le RTÉ. Ina dhiaidh sin, chaith sí seal ag plé le saoririseoireacht i Londain agus in Éirinn agus chaith sí roinnt blianta le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag obair ar chláir chúrsaí reatha, irischláir agus ar chláir éalaíona. D’fhág sí RTÉ Raidió na Gaeltachta le tabhairt faoin léachtóireacht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus thosaigh sí ag obair go lánaimseartha ar leabhair do pháistí, ar scripteanna ócáideacha do Ros na Rún, TG4 agus ar cheardlanna scríbhneoireachta le daoine óga. Chaith sí roinnt blianta freisin ag léachtóireacht ar bhonn páirtaimseartha i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann agus faoi láthair déanann sí modúl scríbhneoireachta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Tá breis agus 40 leabhar foilsithe ag Áine, idir: pictiúrleabhair, drámaí do pháistí, scéalta & úrscéalta do léitheoirí óga agus do dhéagóirí, cnuasaigh filíochta do pháistí agus do dhaoine fásta.
Tá duaiseanna i gComórtais Liteartha an Oireachtais buaite ag Áine go minic thar na blianta i gcatagóir éagsúla dá cuid scríbhneoireacht do léitheoirí óga, dá drámaí agus dá cuid filíochta. Sa bhliain 2025, bhain Áine duais amach i ngach catagóir do scríbhneoireacht do dhaoine óga ag áireamh an chéad duais do Chomórtas Ficsean do Dhaoine Óga 13-15 dá saothar Scéal Thairis a scríobh sí lena mac Seán Mac Dhonnagáin.
Bíonn leabhar de chuid Áine le feiceáil ar ghearrliosta na nGradam Foilsitheoireachta go mion minic. Ainmníodh ar ghearrliosta Réics Carló í faoi sé agus bronnadh an gradam sin ar cheithre leabhar dá cuid: Daideo; Hata Zú Mhamó; Boscadán; & NaTrí Mhuicín. Ainmníodh an cnuasach filíochta Rúin Oscailte ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin sa bhliain 2021.
I measc na nduaiseanna eile atá bainte ag Áine tá: Gradam Fhoras na Gaeilge ag Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail 2002, 2019 & 2020; Gradam Chlann Lir 2003; Duais na Gaeilge ag Comórtas Filíochta Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin 2003; Gradam Onóra Ficsin na Bliana Leabhair Pháistí Éireann 2014 agus Gradam Idirnáisiúnta IBBY 2010; ainmníodh Brionglóidí & aistir eile ar ghearrliosta Bisto 2009; agus bronnadh an Patrick Kavanagh Fellowship uirthi sa bhliain 2019.
Faoi láthair, roinneann Áine a cuid ama idir scríbhneoireacht agus ceardlanna scríbhneoireachta i scoileanna ar fud na tíre.
Is é ócáid an lae inniu an chéad ócáid oifigiúil i bhFéilire Imeachtaí an Oireachtais 2026. Coinnigh súil ar na hardáin ilmheán agus ar shuíomh gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir le gníomhaíochtaí uile na heagraíochta.
Tuilleadh Eolais: Caitríona Ní Chonaill, An tOireachtas | caitriona@antoireachtas.ie
| + 353(0)87 946 3405
--CRÍOCH--
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
- Eagraíocht Cultúir, Ealaíon & Teanga is ea An tOireachtas a bunaíodh in 1897 chun litríocht agus taibhealaíona na Gaeilge a chur chun cinn.
- Is é Oireachtas na Samhna an ócáid is mó an eagraíonn An tOireachtas ar bhonn bliantúil, féile a chuimsíonn comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sna taibhealaíona Gaeilge mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsaíochta, spóirt agus dioscúrsa. Is í seo an fhéile ealaíne náisiúnta Gaeilge is sine agus is mó tinreamh sa tír. Freastalaíonn sa bhreis agus 10,000 duine ar an bhféile. Beidh féile na bliana seo ar siúl i mBéal Feirste, ó 28 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2026.
- Deonaíonn Foras na Gaeilge bunmhaoiniú don eagraíocht chun feidhmiú mar cheanneagraíocht sa réimse, "Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán".
- Deonaíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú chun dhá thionscadal eile a riar:
Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí;
& Plean Gníomhaíochta Náisiúnta chun Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge a Fhorbairt, a Threisiú & a Chur Chun Cinn. - Feidhmíonn An tOireachtas faoi réir na Straitéise d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge d’fhonn na healaíona sin a chur chun cinn agus a neartú sa phobal i gcoitinne agus freisin sa chóras oideachais ó na luathbhlianta ar aghaidh i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí eile in earnáil na n-ealaíon.
- Déanann An tOireachtas féilire leathan imeachtaí eile a eagrú agus a chur chun cinn ag tráthanna eile den bhliain lena n-áirítear Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, chun aitheantas a thabhairt do scoth na saothar sna meáin Ghaeilge, Comórtais Liteartha an Oireachtas, chun nuascríbhneoireacht i nGaeilge a spreagadh agus a chothú; An Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta (daoine óga), An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta (Daoine Fásta agus mic léinn ag an tríú leibhéal) chomh maith le sraith imeachtaí spóirt, cultúir agus ealaíon ar fud na tíre.
- Bíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar www.antoireachtas.ie maidir le himeachtaí uile na heagraíochta.









 (1).png)





.png)

.gif)
.png)