BÍODH CRAIC AGUS SPRAOI AGUS SÁSAMH AGAT. GLAC PÁIRT IN OIREACHTAS NA SAMHNA MAR OIBRÍ DEONACH!
Is leis na nithe seo a leanas a bheidh criú an Oireachtais ag plé:
- Freastal ar an Deasc Eolais & Ticéid;
- Maoirseoireacht ag Comórtais;
- Cabhrú le leagan amach agus le reáchtáil ócáidí;
- Ag obair in Oifig an Chriú; agus
- Ag cabhrú le cúrsaí meán cumarsáide.
Is obair dheonach í seo. De ghnáth iarrtar ar dhaoine seisiún trí uair an chloig a dhéanamh. Faigheann ár n-oibrithe deonacha cead isteach saor in aisce chuig príomhimeachtaí na féile.