Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Ráiteas um Chumhdach Leanaí

Oireachtas na Samhna || An tOireachtas

RÉAMHRÁ

Ceanneagraíocht sa mhór-réimse ‘Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus bunú gréasán’ is ea An tOireachtas, ceaptha ag Foras na Gaeilge ar 17 Eanáir 2014. I dtaca le daoine fásta atá fócas chlár oibre an mhór-réimse sin ach, de dheasca branda láidir sainiúil a bheith ag An tOireachtas sa mhórphobal agus féile ealaíne pobail a bheith á reáchtáil agus á fhorbairt ag An tOireachtas ó 1897 a chuimsíonn comórtais, imeachtaí agus ócáidí d’aoisghrúpaí faoi 18 bliana d’aois, tá An tOireachtas ag leanúint dá thiomantas do chur chun cinn na n-ealaíona dúchasacha trí Ghaeilge do dhaoine óga freisin.

Tosaíocht de chuid An tOireachtas is ea timpeallacht sábháilte a chur ar fáil ag imeachtaí na féile agus déanfaimid cúram de gach leanbh a bheidh rannpháirteach a choinneáil sábháilte ó *dhíobháil chomh fada agus is féidir é. Féachaimid i gcónaí le leas gach leanbh a chosaint ag láithreacha imeachtaí na heagraíochta.

Sa Ráiteas um Chumhdach Leanaí seo, faoi mar a shainmhínítear san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 sonraítear na himeachtaí de chuid An tOireachtas ag a mbíonn leanaí rannpháirteach agus na prionsabail agus nósanna imeachta a bhfuil aird á dtabhairt orthu chun críche dhualgas na heagraíocht i leith chumhdach na leanaí sin a chomhlíonadh.

Tacaíonn an Ráiteas um Chosaint Leanaí seo le beartais agus nósanna imeachta eagraíochtúla eile, lena n-áirítear earcaíocht, sláinte agus sábháilteacht, comhdheiseanna, oiliúint, smacht, casaoid agus eile agus beidh gach beartas eagraíochtúil ag teacht leis an mbeartas um Chumhdach Leanaí.

*Ciallaíonn Díobháil, faoi mar a shainmhínítear san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015, ‘maidir le leanbh— (a) Ionsaí, drochíde nó faillí a dhéanamh ar an leanbh ar bhealach a dhéanann difear nó ar dóchúil go ndéanfaidh sé difear tromchúiseach do shláinte, forbairt nó leas an linbh, nó (b) drochúsáid ghnéasach an linbh, cé acu mas gníomh aonair, easnamh nó cúinse nó sraith nó meascán de ghníomhartha, easnamh nó cúinsí, nó rudaí eile is cúis leis’. 

An tseirbhís atá á soláthar ag An tOireachtas do leanaí

i) Reáchtálann An tOireachtas comórtais ardáin ag ár bhféile bhliantúil, Oireachtas na Samhna, gach bliain d’aoisghrúpaí, Faoi 9 mBliana; 9 – 12 Bliana; 12 – 15 Bliana; agus 15 – 18 Bliana; agus ócáid sóisialta, cultúir & caidrimh, lena n-áirítear Club na Féile na nÓg. Bíonn láithreacha éagsúla in úsáid.

ii) Ag Oireachtas na Samhna freisin tugtar deis do dhreamanna eile, ina measc, Foras na Gaeilge, ceanneagraíochtaí eile, cuideachtaí cluichí, foilsitheoirí leabhar, complachtaí drámaíochta agus eile, imeachtaí agus ócáidí caidrimh, siamsaíochta agus spraoi a reáchtáil d’aoisghrúpaí éagsúla faoi 18 bliana d’aois chun réimse leathan agus éagsúlachtaí imeachtaí a bheith ar fáil don óige.
Bíonn láithreacha éagsúla in úsáid.

iii) Fáiltítear roimh theaghlaigh ag imeachtaí eile na féile agus sa lucht féachana ag comórtais ardáin na ndaoine fásta. Bíonn láithreacha éagsúla in úsáid.

iv) Tá sraitheanna imeachtaí eile a thagann faoi choimirce An tOireachtas mar a sonraítear i bPlean Bliana na hEagraíochta gach aon bhliain ag a bhfáiltítear roimh dhaoine faoi 18 mbliana d’aois, ina measc, teaghlaigh, daltaí scoile, ball ó chlubanna óige agus eile. I measc na n-imeachtaí sin tá Oíche Chultúir, Féasta Sráide chomh maith le hócáidí, taispeántais, ceolchoirmeacha agus eile. Bíonn láithreacha éagsúla in úsáid.

Nósanna Imeachta

Forbraíodh ár Ráiteas um Chumhdach Leanaí de réir na gceanglas faoin Acht um Thús Áite do
Leanaí 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (2017), agus Cosaint
Leanaí: Treoir maidir le Polasaí, Nós agus Cleachtas ó Tusla. Chomh maith leis na nósanna imeachta
atá liostaithe inár measúnú riosca, tacaíonn na nósanna imeachta seo a leanas lenár gcuspóir
leanaí a chumhdach agus iad ag glacadh rannpháirtíocht inár gcuid imeachtaí:

  1. Oifigeach Ainmnithe a cheapadh
  2. Modh Tuairiscithe
  3. Déileáil le líomhaintí mí-úsáide nó mí-iompair ag baill foirne/oibrithe deonacha i gcoinne linbh a bheidh rannpháirteach inár gcuid imeachtaí.
  4. Earcaíocht shábháilte ball foirne/oibrithe deonacha a bheidh ag obair le leanaí.
  5. Ábhair imní maidir le cosaint nó leas leanaí a thuairisciú d’údaráis reachtúla.
  6. Beartas Rúndachta
  7. Taifid um Chosaint Leanaí a Bhainistiú
  8. Beartas Gearán
  9. Déileáil le Timpistí agus Teagmhais
  10. Úsáid Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána

Cód Cleachtais na Foirne

Tá na cleachtais foirne seo a leanas ag foireann An Oireachtais chun críche dhualgas na heagraíochta i dtaca le Cumhdach Leanaí a chomhlíonadh:

  • Tugtar tús áite do leas agus do shábháilteacht an linbh i gcónaí.
  • Caitear go cothrom le gach leanbh le meas agus le dínit agus ní léirítear fabhraíocht.
  • Bíonn meas ar spás pearsanta an linbh.
  • Déantar aon ábhair imní nó eachtraí maidir le cumhdach a thuairisciú láithreach don Duine Teagmhála Ainmnithe.
  • Rochtain ar ghuthán chun teagmháil láithreach a dhéanamh le seirbhísí éigeandála más gá;
  • Léirítear meas i gcónaí ar thuairimí leanaí
  • Seachnaítear a bheith in aonar le leanbh ag aon am.
  • Bítear airdeallach i gcónaí i mbun cumarsáide le leanaí go n-úsáidfear caint shoiléir, chuí.
  • Léirítear tuiscint ar theorainneacha linbh a bheidh ag déileáil le fadhb(anna), fisiciúla nó eile.
  • Sonraítear gach céim den teagmháil idir baill foirne / oibrithe deonach agus leanaí go soiléir.
  • Tugtar spreagadh agus tacaíocht do leanaí agus bíonn an t-aiseolas a thugtar dóibh
    cuiditheach i gcónaí.
  • Coinnítear taifead scríofa de ghortú ar bith a bhaineann do leanbh, chomh maith le sonraí faoin gcóir leighis a cuireadh uirthi/air.
  • Cinntítear go bhfuil cainéil shoiléire chumarsáide oscailte agus go déileáiltear le haon ábhar imní ó thuismitheoir/chomhneoir/leanbh go pras.

Measúnú Riosca

Rinneamar measúnú ar aon fhéidearthacht ina bhféadfaí díobháil a dhéanamh do leanbh agus é nó í ag baint leasa as ár seirbhísí. Seo thíos liosta de na réimsí riosca a aithníodh agus liosta de na nósanna imeachta chun na rioscaí sin a bhainistiú.

1Díobháil do leanbh le linn rannpháirteach di/dó i gComórtais Ardáin ag Oireachtas na Samhna Oiliúint foirne, rialacha mínithe roimh ré do iomaitheoirí óga agus foirm dá réir sínithe ag tuismitheoir/caomhnóir.

  Riosca arna aithint  Nós imeachta i bhfeidhm chun an riosca arna aithint a bhainistiú 
2 Díobháil do leanbh le linn rannpháirteach di/dó  in imeachtaí Teaghlaigh  Ráiteas um Chumhdach Leanaí na heagraíochta a bheidh ag reáchtáil an imeachtaí / na n-imeachtaí a lorg agus a choimeád.
3 Díobháil do leanbh le linn rannpháirteach di/dó in imeachtaí ag eagraíochtaí eile Ráiteas um Chumhdach Leanaí na heagraíochta a bheidh ag reáchtáil an imeachtaí / na n-imeachtaí a lorg agus a choimeád.
4 Díobháil do leanbh le linn di/dó a bheith ag  Club na Féile  Ceanglal ar thuismitheoir/chaomhnóir cúram a dhéanamh d’aon leanbh a fhreastalóidh ar Chlub na Féile. Comhoibriú lucht bainistíochta an ionad chun an t-ionad a choinneáil sábháilte. Próiseas in áit do oibrithe san ionad chun déileáil le tarlúintí díobhála.
5 Díobháil do leanbh ag imeachtaí shóisialta eile ar ócáidí do dhaoine fásta iad ach a n-aithnímid go bhféadfadh leanaí freastal orthu i dteannta tuismitheoirí/caomhnóirí (Oíche Chultúr/Féasta Sráide nó eile) Ráiteas um Chumhdach Leanaí na heagraíochta a bheidh ag reáchtáil an imeachtaí / na  n-imeachtaí a lorg agus a choimeád. 

Cur i bhFeidhm

Aithnímid gur próiseas leanúnach é seo. Tá ár seirbhís tiomanta don Ráiteas um Chumhdach Leanaí seo agus na nósanna imeachta a thacaíonn lenár gcuspóir a chur i bhfeidhm chun leanaí a choimeád sábháilte ó dhíobháil.

Chuige sin, déanfar athbhreithniú uair amháin in aghaidh na bliana chun aon athruithe sa reachtaíocht a chur san áireamh agus chun dea-chleachtas a dheimhniú.

OIFIGEACH AINMNITHE
Louise Ní Dháibhéid, Oifigeach Imeachtaí & Foilseachán; +353 87 100 5439; louise@antoireachtas.ie

SOLÁTHRAÍ
Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais; + 353 87 261 8976; liam@antoireachtas.ie