Táimid ag súil go mór le hOireachtas na Samhna a reáchtáil i mBéal Feirste ó 29 Deireadh Fómhair - 2 Samhain 2025.
Má tá spéis agat a bheith rannpháirteacht i bhféile na bliana seo trí páirt a ghlacadh sna comórtais taibhealaíona nó trí dhaoine óga a réiteach do na comórtais, féach thíos ar roinnt samplaí ó chomórtais éagsúla agus cláir éagsúla a craoladh ar TG4 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta thar na mblianta chomh maith le naisc eile a chabhróidh leat agus tú a iarraidh amhrán nua a fhoghlaim nó nodanna a fháil i dtaca le ceird na scéalaíochta ó mháistrí na tíre seo.
COMÓRTAIS AGUS CLÁIR A CRAOLADH AR TG4 Ó FHÉILTE OIREACHTAIS
COMÓRTAIS AGUS CLÁIR A CRAOLADH AR RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA Ó FHÉILTE OIREACHTAIS
CEIRD NA SCÉALAÍOCHTA Ó MHÁISTRÍ NA CEIRDE
CARTLANN AMHRÁN AR AN SEAN-NÓS