D’fhógair an tOireachtas inniu (21 Iúil 2017) go bhfuil réimse leathan ticéid d’Oireachtas na Samhna 2017 ar díol ó inniu go dtí aimsir na féile.
Beidh saorchead isteach chuig imeachtaí roimh 6.00i.n. gach lá ach beidh gá le ticéad a cheannach i ndiaidh 6.00i.n. gach lá agus chuig na comórtais Damhsa ar an Sean-Nós ar Shatharn na Féile, 4 Samhain.
Tá iontráil chuig gach imeacht san áireamh i bpraghas na dticéid: Comórtas Shean-Nós na mBan, Comórtas Shean-Nós na bhFear, Príomhchomórtais Damhsa ar an Sean-Nós, Corn Uí Riada, Clubanna na Féile, Cabaret Craiceáilte, Clubanna Amhránaíochta.
*Tabhair faoi deara go mbeidh bandaí rosta ábhartha (ollticéad nó ticéad lae) le cur ar gach páiste faoi 18 mbliana d’aois agus go mbeidh sé riachtanach tuismitheoir/caomhnóir a bheith in éineacht leo leis an mbanda rosta a fháil ag an Oifig Ticéid.
Tá trí mhodh éagsúla le ticéid a cheannach d’Oireachtas na Samhna:
- Ar líne http://www.antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna/ticeid-na-feile/
- Seic/ordú poist: Is gá sonrasc pro-forma a lorg ó oifig an Oireachtais trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@antoireachtas.ie
- Oifig Ticéid ar láthair na Féile
Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Chill Airne, Co. Chiarraí i mbliana ón 1-5 Samhain 2017. Beidh uasdátú á dhéanamh ar shuíomh an Oireachtais as seo go dtí aimsir na féile maidir leis na himeachtaí a bheidh á reáchtáil againn: http://www.antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna/
Ná déan dearmad go bhfuil ráta speisialta lóistín ar fáil sa Gleneagle do lucht freastail an Oireachtais. Níl an ráta seo ar fáil ar an idirlíon agus moltar duit glaoch a chur ar an óstán, nó ríomhphost a chur chucu ag déanamh soiléir gur ag freastal ar an Oireachtas a bheidh tú.
CRÍOCH
Tuilleadh eolais: Laura Rawdon, Oifigeach Gréasán | laura@antoireachtas.ie | 0044 28 3025 7812