D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (31 Bealtaine 2021) go bhfuil próiseas iontrála na nGradam Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2021 oscailte. Trí ghradam a bheidh á mbronnadh i mbliana, Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar Gaeilge na Bliana, aistrithe ó theanga eile). Is é Déardaoin, 8 Iúil 2021, an spriocdháta iontrála.
Roghnófar na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán táirgeachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.
“Is cúis áthais dúinn an lóchrann a dhíriú ar shaothair nuafhoilsithe i nGaeilge agus Gradaim Fhoilsitheoireachta 2021 á bhfógairt againn inniu,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá sé tábhachtach go n-aithneofaí go bhfuil sárshaothair i nGaeilge á soláthar ag na tithe foilsitheoireachta sa tír seo. Is aitheantas ar scoth an caighdeáin cruthaitheachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge iad na gradaim bhliantúla seo. Tréaslaím leis na foilsitheoirí uile atá ag saothrú trí an bpaindéim domhanda, COVID-19, le breis agus bliain anuas agus réimse leathan leabhar á fhoilsiú acu le freastal ar an bpobal léitheoirí Gaeilge. Guím gach rath orthu i gcomórtais na bliana seo”.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “tá foilsitheoireacht i nGaeilge lárnach inár n-iarrachtaí an Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre, sna ceantair Ghaeltachta go háirithe. Cuireann Foras an Gaeilge tacaíocht ar fáil gach bliain don líon beag comhlachtaí atá ag saothrú sa chuibhreann seo trí Scéim na Foilsitheoireachta, agus tá bláthú i ndiaidh teacht ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge le tamall de bhlianta, in ainneoin na ndúshlán eacnamaíoch sa tír thuaidh agus theas. Tá ag éirí le tithe foilsitheoireachta na Gaeilge raon an-leathan de leabhair ar chaighdeán an-ard a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, agus tugann na Gradaim Foilsitheoireachta, agus an chomhpháirtíocht atá ag Foras na Gaeilge leis an Cheanneagraíocht Oireachtas na Gaeilge deis dúinn solas a shoilsiú ar scríbhneoireacht na Gaeilge, ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge, agus ar an ghné thábhachtach eacnamaíoch a bhaineann le foilsitheoireacht na Gaeilge do gheilleagar na Gaeilge. Ba mhaith liom dea-eagrú na nGradam Foilsitheoireachta a thréaslú le hOireachtas na Gaeilge, mo bhuíochas a ghabháil leo as an dhlúth-chomhpháirtíocht atá againn leo, agus gach dea-mhéin a ghuí ar na foilsitheoirí i mbliana agus na gradaim á seoladh.”
Foilseofar an trí ghearrliosta i mí Lúnasa agus fógrófar buaiteoirí na ngradam i mí Dheireadh Fómhair. Bronnfar duaischiste iomlán de €17,000.
Is féidir iontráil a dhéanamh ar líne anseo nó cóip crua den fhoirm iontrála a sheoladh chuig: Na Gradaim Fhoilsitheoireachta 2021, An tOireachtas, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98.
Tá eolas cuimsitheach maidir leis na gradaim ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
Tuilleadh Eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | T: 00353 87 1005439 | R: louise@antoireachtas.ie