Na Gradaim Fhoilsitheoireachta

Spriocdháta Iontrála: 15 Iúil 2024

Marc aitheantais ar scoth an chaighdeáin chruthaitheachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge iad na gradaim bhliantúla seo. Is gradaim iad atá dírithe go príomha ar fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge ach bronnfar duais ar údar na nduaisiarrachtaí, agus i gcás Gradam Réics Carló, ar ealaíontóir an leabhair chomh maith. Bronnfar duaischiste iomlán de €17,000.

...
Comórtais

Na Gradaim Fhoilsitheoireachta

Gradam Uí Shúilleabháin
Gradam Réics Carló
Gradam de Bhaldraithe

Eolas maidir le hiontrálacha

Is gá cúig (5) chóip crua de gach leabhar a iontráiltear a chur sa phost chuig Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98.

Má roghnaítear leabhar don ghearrliosta, beidh ar an bhfoilsitheoir cúig (5) chóip eile a sheoladh ar aghaidh chugainn.

Féadfaidh foilsitheoir a rogha líon iontrálacha a dhéanamh ach foirm iarratais ar leith agus táille iontrála a bheith le gach ceann acu.

An Critéir Mharcála

  • ÁBHAR
    Oiriúnacht don spriocmhargadh, lena n-áirítear téama/scéal, eitic & cur i láthair;
  • DEARADH
    Téacs, clúdach, léaráidí, íomhánna, leagan amach agus an dea-chleachtas foilsitheoireachta i gcoitinne;
  • TEANGA
    Gaeilge dheascríofa, sothuigthe beag beann ar chanúint (gan cur isteach ar ábhar ná insint an scéil) agus eagarthóireacht chóipe chruinn, thuisceanach; agus
  • MARGADH
    Tarraingteacht don mhargadh léitheoireachta, ag áireamh gné uathúil díolacháin.

Gradam Uí Shúilleabháin
Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta

Duais don fhoilsitheoir: €5,000

Duais don údar: €2,500

Leabhair atá incháilithe le hiontráil sna comórtais seo

  • Leabhair i nGaeilge (prós, filíocht, drámaíocht &rl) a foilsíodh sa tréimhse, 16 Iúil 2023 - 15 Iúil 2024;
  • Ní ghlacfar le comheagráin;
  • Ní ghlacfar le haistriúcháin.

Gradam Réics Carló
Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg

Duais don fhoilsitheoir: €5,000

Duais don údar: €1,250

Duais don ealaíontóir: €1,250

Leabhair atá incháilithe le hiontráil sna comórtais seo

  • Leabhair i nGaeilge (prós, filíocht, drámaíocht &rl) a foilsíodh sa tréimhse, 16 Iúil 2023 - 15 Iúil 2024;
  • Ní ghlacfar le comheagráin;
  • Ní ghlacfar le haistriúcháin.

Gradam de Bhaldraithe
Leabhar na Bliana aistrithe go Gaeilge ó theanga eile

Duais don fhoilsitheoir: €1,500

Duais don aistritheoir: €500

Leabhair atá incháilithe le hiontráil sna comórtais seo

  • Leabhair aistrithe go Gaeilge ó theanga eile a foilsíodh sa tréimhse, 16 Iúil 2023 - 15 Iúil 2024;
  • Glacfar le haistriúcháin ó theanga ar bith, Béarla san áireamh.
BG