D’fhógair an tOireachtas inniu (11 Meán Fómhair) an gearrliosta do Réalta Óg na Bliana 2018. Cúigear atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo. Is iad sin Niamh Ní Chróinín (Raidió RíRá / RTÉ Raidió na Gaeltachta / Spin1038), Damien Ó Dónaill (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Ciara Ní É (Blagálaí), Doireann Ní Ghlacáin (Fleadh TV, TG4) agus Eoghan Ó Loideáin (Dochreidte, Gan Dabht, Whiz sa Chistin agus Cleas Act ar TG4). Ba ar Sláine Ní Chathalláin (RTÉ Raidió na Gaeltachta), a bronnadh gradam Réalta Óg na Bliana 2017.
Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den chúigear trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 30 Deireadh Fómhair 2018. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na réaltaí óga atá ar ghearrliosta na bliana seo”, a dúirt Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha. “Chuireamar tús leis an ngradam seo in 2015 agus is iontach an spreagadh a thugann sé don dream óg atá ag obair in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge. Tá éacht faoi leith bainte amach ag gach duine atá ainmnithe agus tá ríméad orainn san Oireachtas an t-aitheantas ceart a thabhairt dóibh,” a deir sé.
Ceiliúrfar 20 bliain de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Fógraíodh an gearrliosta iomlán ar an 4 Meán Fómhair. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais Dé Máirt, 23 Deireadh Fómhair 2018.
Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide uile an Oireachtais 2018 a bheidh ar siúl san INEC, Cill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 31 Deireadh Fómhair 2018, le linn Oireachtas na Samhna. Tá gach eolas maidir leis na Réaltaí Óga ar fáil anseo.
Tá eolas maidir leis an gcóras vótála thíos.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 01 4753857 | louise@antoireachtas.ie
Téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig:
57003 ó Phoblacht na hÉireann
60999 ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór
Mar shampla, chun vótáil do:
NIAMH NÍ CHRÓINÍN téacsáil GRADAM101
DAMIEN Ó DÓNAILL téacsáil GRADAM102
CIARA NÍ É téacsáil GRADAM103
DOIREANN NÍ GHLACÁIN téacsáil GRADAM104
EOGHAN Ó LOIDEÁIN téacsáil GRADAM105
Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.
D'fhéadfadh difríocht a bheith idir costas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 30 Deireadh Fómhair 2018.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Líne Chabhrach: 0818 217 100 (Poblacht na hÉireann)
0800 028 3874 (Tuaisceart na hÉireann & ón mBreatain Mhór)
Fógrófar an buaiteoir le linn Ócáid Bhronnta na nGradam Cumarsáide uile ar an 31 Deireadh Fómhair.
Soláthraí Seirbhíse: Phonovation Teo.