D’fhógair An tOireachtas inniu, 4 Deireadh Fómhair 2017, an liosta saothar atá ainmnithe ar an nGearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin 2017. Gradam Foilsitheoireachta é Gradam Uí Shúilleabháin a bhronntar ar fhoilsitheoir Leabhar na Bliana do dhaoine fásta gach ré bliain agus roghnaítear an buaic-shaothar de réir na gcritéar seo a leanas - fiúntas an ábhair; dearadh an leabhair; leagan amach an ábhair, idir théacs agus léaráidí, ar na leathanaigh; caighdeán na clódóireachta; agus an chaoi a bhfreastalaíonn an foilseachán ar riachtanais léitheoireachta an phobail.
Cuireann foilsitheoirí leabhar ó gach cearn den tír plúr a gcuid saothar foilsithe ar aghaidh le bheith san iomaíocht don ghradam seo. Sé (6) leabhar atá roghnaithe do ghearrliosta na bliana seo:
I dTÍR MHILIS NA mBEOle Colm Ó Ceallacháin, foilsithe ag Cois Life - cnuasach gearrscéalta uirbeacha nua-aimseartha scríofa i nGaeilge bhinn na Mumhan.
ÉAGÓIR: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna le Seán Ó Cuirreáin, foilsithe ag Cois Life - insint líofa léir ar eachtra staire atá greanta fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí.
AN tIRISEOIR le Michelle Nic Pháidín, foilsithe ag Cois Life - scéal faoi fhoréigean baile, saol scriosta agus pósadh cliste.
CRÉ NA CILLE le Máirtín Ó Cadhain, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht - eagrán nua de cheann de na húrscéalta is tábhachtaí a tháinig amach as Éirinn sa fichiú haois.
CONAIRE MÓR SEACHT nDORAS NA CINNIÚNA le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac - scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra.
CORP AN DUINE UASAIL le Pénélope Bagieu agus aistrithe ag Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac - scéal faoi ghrá agus uaillmhian, agus banlaoch as an gcoitiantacht.
‘Tá sárchaighdeán agus ardcháilíocht na foilsitheoireachta Gaeilge le sonrú arís ar Ghearrliosta na bliana seo’, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. ‘Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na foilsitheoirí uile agus molaim an obair fhiúntach atá ar siúl acu ar fad chun litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn.
Fógrófar buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin, chomh maith le buaiteoirí Chomórtais Liteartha ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Brehon, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017. Bronnfar duais €3,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a roghnófar do Ghradam Uí Shúilleabháin agus bronnfar €2,000 ar údar an tsaothair.
Tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | Oireachtas na Gaeilge | 01 4753857 | louise@antoireachtas.ie