Tá na hullmhúcháin d’Oireachtas na Samhna faoi lán seoil agus tá muid ag súil go mór le pobal an Oireachtais a fheiceáil i mBéal Feirste ó 29 Deireadh Fómhair - 2 Samhain 2025.
NA COMÓRTAIS TAIBHEALAÍON
Táimid anois ag glacadh le hiarratais ar Na Comórtais Taibhealaíon 2025!
COMÓRTAIS NUA
Tá seánraí nua tugtha isteach san fhéile i mbliana in onóir laochra áitiúla agus chun aitheantas a thabhairt do réimeas na n-ealaíon sin i measc taibhealaíontóirí an cheantair, ina measc, rapcheol do dhaoine óga, córcheol do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna agus do dhaoine fásta, amhránaíocht aonair le tionlacan giotáir in ómós an amhránaí, Albert Fry, a bhí ina Uachtarán ar an Oireachtas nuair a bhí an fhéile i mBéal Feirste go deireanach in 1997.
Is féidir an clár comórtais a fheiceáil agus iontráil a dhéanamh ar líne ANSEO nó má theastaíonn cóip crua den fhoirm iontrála uait, déan teagmháil linn ag eolas@antoireachtas.ie
nó ar 091 572 545.
Spriocdháta Iontrála:
Dé Luain, 15 Meán Fómhair 2025
LÓISTÍN
Is fiú d'áirithint lóistín a dhéanamh a luaithe agus is féidir le cinnte a dhéanamh de go mbeidh lóistín agat don fhéile i mbliana. Tá tuilleadh eolais maidir le lóistín ar fáil ANSEO!
IMEACHTAÍ
Táimid ag súil le clár spleodrach a chur os chomhair phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta um Shamhain arís! Má tá spéis agat imeacht a reáchtáil ar chlár oifigiúil na féile, déan teagmháil linn ag faisneis@antoireachtas.ie chun do spéis a léiriú. Tá imeachtaí na féile le feiceáil ANSEO!
















